Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Eispéireas na sraithe sinsearaí

Tá an foghlaimeoir ag croílár an eispéiris oideachais i bhfís na sraithe sinsearaí. Cabhróidh an t-eispéireas sin leis an bhfoghlaimeoir a bheith seiftiúil, muiníneach, páirt a ghlacadh go gníomhach sa tsochaí, spéis a fhorbairt san fhoghlaim, agus cumas foghlama ar feadh a shaoil a fhorbairt.
Tá an fhís sin den fhoghlaimeoir bunaithe ar luachanna na sraithe sinsearaí agus réadaítear í trí na prionsabail atá laistiar den churaclam a chuirtear i láthair an fhoghlaimeora sna scoileanna. Cuimsíonn an tsonraíocht príomhscileanna neadaithe agus torthaí foghlama soiléire, agus tá réimse de chuir chuige measúnaithe mar thaca faoi, rud a fhágann gurb í an tsonraíocht an meán trína bhfíoraítear an fhís don fhoghlaimeoir.
Ar chéim phraiticiúil, cuirtear eispéireas oideachasúil ardchaighdeáin ar fáil sa tsraith shinsearach tríd an méid seo a leanas:

  • pleanáil, forbairt, eagrú agus meastóireacht éifeachtach curaclaim
  • cineálacha cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama a spreagann an foghlaimeoir agus a chothaíonn spéis ann, a chuireann ar a chumas dul chun tosaigh, a dhéanann a chuid foghlama níos doimhne agus a chuireann i bhfeidhm í, agus a fhorbraíonn a chumas chun machnamh a dhéanamh ar a chuid foghlama
  • forbairt ghairmiúil don mhúinteoir agus do lucht bainistíochta na scoile a chuireann ar a gcumas athrú agus forbairt curaclaim a stiúradh ina scoil féin
  • cultúr scoile ina léirítear meas ar an bhfoghlaimeoir, a spreagann é chun freagracht a ghlacadh as a chuid foghlama féin le himeacht aimsire, agus a chuireann grá don fhoghlaim chun cinn.

Is cuid de bheartas oideachais níos leithne é oideachas na sraithe sinsearaí ina ndírítear ar an méid a chuireann an t-oideachas le forbairt an fhoghlaimeora mar dhuine agus mar shaoránach. Is beartas oideachais é ina gcuirtear béim ar comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, ar fhás na sochaí agus an gheilleagair, agus ar phrionsabal na hinbhuanaitheachta i ngach gné den fhorbairt.

overview of senior cycle diagram

vision of the learner diagram

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.